Anailísí Oibríochta/Operational Analyst
Job details
Anailísí Oibríochta/Operational Analyst Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Tá muid dírithe ar chúrsaí sábháilteachta, slándála agus iontaofachta. Oibríonn muid i dtimpeallacht dhúshlánach, chomhoibríoch, foirne ina ngluaisíonn rudaí go sciobtha. Tá cúltúr ardfheidhmíochta, eolasach agus bunaithe ar fhorbairt leanúnach san fhoireann. Agus níl ansin ach an tús. Tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh. An Fhoireann/The Team Tá an Stiúrthóireacht Bainistíochta Oibríochtaí & Sócmhainní comhdhéanta de dhaoine gairmiúla ardsciliúla le cúlraí innealtóireachta agus gnó/trádála. Ireland has a target to achieve 80% of our electricity to come from renewable resources by 2030 and to be net carbon neutral by 2050. The Operations & Asset Management Directorate is central to the delivery of our primary role – the operation, development and enhancement of the all-island power system and the wholesale electricity market. Creating a culture of continuous improvement whilst maintaining operational resilience, that drives technical and process innovation is central to delivering on this role. Cuspóir an Róil/Job Purpose Tá an deis ar fáil d’Anailísí Oibríochta i bhfoireann na gCeantanna Margaidh Acmhainne. Oibreoidh an duine a thabharfaidh faoin ról go comhoibríoch ar fud an Ghrúpa, agus an té sin rannpháirteach go héifeachtúil le príomhpháirtithe leasmhara, chun an t-athrú riachtanach a chur i bhfeidhm ionas go mbeimid in ann ár gcuspóirí straitéiseacha a chomhlíonadh. Príomhfhreagrachtaí/Key Responsibilities
- Úsáidfidh tú do scileanna teicniúla scríbhneoireachta tuarascálacha agus cumarsáide briathartha chun feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibrímid i gcaitheamh an ama, ionas go mbeidh sé níos éifeachtúla agus éifeachtaí is go mbeidh sé trédhearcach agus éasca don lucht féachana a bhfuil scil acu i dteicneolaíocht agus don lucht féachana nach bhfuil mórán cur amach acu ar an teicneolaíocht é sin a thuiscint.
- Déanfaidh tú an obair ar fad ar ardchaighdeáin agus tú; ag díriú ar sheachadadh in am, ag cur feabhas próisis a chur i bhfeidhm chun éifeachtúlacht agus aschur ardchaighdeáin a sheachadadh.
- Beidh an té sin ag faire amach le haghaidh fadhbanna agus maolófar iad le linn dóibh teacht chun cinn, agus bearta níos déine a chur i bhfeidhm nuair is gá.
- Tabharfaidh tú aghaidh ar fhadhbréiteach ach dearcadh nuálaíoch a úsáid, agus tú sásta glacadh le réimse leathan réitithe.
- Cinnteoidh an té sin go comhlíonfaidh an fhoireann ar fad na caighdeáin chomhlíonta (Téarmaí agus Coinníollacha agus Nósanna Imeachta Comhaontaithe)
- Forbairt na n-uirlisí chun cuidiú le hoibriú laethúil an Mhargaidh Acmhainne
- Tacóidh an té sin leis na hAnailísithe Sinsearacha agus stiúrfaidh an té sin comhordanáidiú agus bainistiú an Mhargaidh Acmhainne.
- Tacaíonn an té sin le measúnú a dhéanamh ar cháilíocht theicniúil agus ar thorthaí ceant
- Déanann an té sin anailísiú ar shonraí seachtracha agus inmheánacha / ar anailísiú chun treochtaí tábhachtacha a shainaithint ionas gur féidir leis an eagraíocht, leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, na Rialtóirí agus rannpháirtithe an cheant iad a thuiscint agus a úsáid go héasca
- Beidh an té sin rannpháirteach i dTástáil Inghlacthachta Úsáideoirí le haghaidh rudaí nua a sheolfar sa chóras
- Úsáidfidh an té sin a t(h)ionscnaíocht féin chun tabhairt faoi anailís chun fadhbanna oibríochtúla a réiteach agus lena chinntiú go gcomhaontófar ar an réiteach gnó ceart agus go gcuirfear an réiteach céanna i bhfeidhm
- Dearfaidh agus forbróidh an té sin uirlisí chun na sonraí riachtanacha a fháil chun ceisteanna a fhiosrú
- Comhoibreoidh an té le díoltóirí tríú páirtí agus le foirne inmheánacha, chun iarratais athraithe a chomhordanáidiú agus chun déileáil le fadhbanna córais
- Tacóidh an té le cumarsáid le rannpháirtithe ceant agus bainisteoidh sé ceisteanna de réir amlínte comhoontaithe
- Forbróidh an té próisis ghnó chun tacú leis an Margadh Acmhainne go laethúil
- Cáilíocht tríú leibhéal i ndisciplín ábhartha
- 2-4 bliana, de ghnáth, de thaithí ábhartha theicniúil
- Sárscileanna cuir i láthair
- Scileanna éifeachtacha cumarsáide agus ardchumas scríofa tuairiscí
- Taithí ar chaidrimh éifeachtacha a bhunú agus a chothú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha
- An cumas le hoibriú go héifeachtúil i dtimpeallacht foirne agus úsáid a bhaint as cur chuige solúbtha
- Dírithe ar mhionsonraí agus meon ina dtugtar aird ar cháilíocht
- Inniúlacht láidir uimheartha, anailíseach agus fadhbfhuascailte
Apply safely
To stay safe in your job search, information on common scams and to get free expert advice, we recommend that you visit SAFERjobs, a non-profit, joint industry and law enforcement organization working to combat job scams.